Stair na Scoile

D’oscail Gaelscoil Shliabh Rua a doirse don chéad uair ar an 28ú Lúnasa 2013. Ar an gcéad lá bhí múinteoir amháin, príomhoide na scoile Conchúr Ó Raghallaigh agus ochtar bpáistí, iad go léir sna Naíonáin Shóisearacha. Don chéad scoilbhliain, bhí an scoil lonnaithe i sheomraí réamhdhéanta sa Chlub Rugbaí De La Salle Palmerston. Fuair an Roinn Oideachas & Scileanna cead pleanála i 2014 chun scoil nua a thógáil ar an mBóthar Baile Uí Ógain. Bhogamar chuig ár suíomh nua i Mí Aibreáin 2015.

Cén fáth an t-ainm ‘Sliabh Rua’?

Is í Sliabh Rua an t-ainm stairiúil ar Bhinn Trí Charraig a sheasann in aice linn i gCill Tiarnáin agus sa Chéim. Roghnaíodh an t-ainm seo chun stair dúlra an cheantar a cheiliúradh.

ga_IEIrish