Éiteas na Scoile
Is Gaelscoil ilchreidmheach í Gaelscoil Shliabh Rua faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta na Scoileanna lán Ghaeilge.
Táimid an-bhródúil as an atmaisféar deas dearfach atá cruthaithe againn anseo ar scoil. Tá béim ar chineáltas agus meas a léiriú ar a chéile. Cuirimid béim ar chaidreamh láidir chomh maith. Nuair atá caidreamh dearfach i measc an phobail scoile, spreagann sé seo caighdeán ard foghlaim agus teagaisc.
Roinnt stráiteas chun atmaisféar dearfach a chruthú ná:
- Dea-chumarsáid a bhunú is a chothú
- Ag freastal ar riachtanais éagsúla
- Timpeallacht shláintiúil a chruthú
- Córas daonlathach a chur i bhfeidhm
- Féin mhuinín a spreagadh
- Meas ar éagsúlacht
- Teanga ionchuimsitheach a spreagadh
- Teagmháil shoiléir idir an scoil agus an baile
- Plean scoile maidir le measúnú a fhorbairt
Reiligiún inár scoil
An aidhm atá againn ná cabhrú leis an bpáiste a gcuid scileanna tuisceana a fhorbairt, conas smaointeoireacht chriticiúil a dhéanamh agus tuiscint níos fearr ar reiligiúin éagsúla a fhorbairt. Múintear faoi na reiligiúin éagsúla leis an gcuraclam ‘Croí na Scoile’ ag múineadh nach bhfuil an lámh in uachtar ag aon religiún amháin.
Creidimid go bhfuil freagracht ar thuismitheoirí agus ar eagraíochtaí pé reiligiúin is mian leo a mhúineadh dá bpáistí taobh amuigh d’am scoile. Ní fhágtar páiste ar lár riamh mar gheall ar a reiligiún áirithe féin.