An Fhoireann

Múinteoir Maria

Is mise Múinteoir Maria. Thosaigh mé sa scoilbhliain 2014/2015. Thar mo thréimhse ag obair sa scoil, bhí an t-ádh liom radharc iontach a fháil, ní amháin sa seomra ranga ach ar an scoil iomlán. Shuigh mé ar an mBord Bainistíochta mar ionad múinteora agus bhíos mar chuid den Fhoireann Inscoile Bainistíochta mar Phríomhoide Cúnta II, ar feadh dhá bhliain. Bhí sé go h-iontach freisin, ceann nó dhó de na chéad Seachtain na Gaeilge a chur le chéile – le Céilí, Seó Tallainne, Cluichí, Tráth na gCeist ina measc. Tá an scoil fós ag fás agus ag forbairt le foireann mór iontach againn anois.

ga_IEIrish