Naíonra Shliabh Rua
Tá Naíonra Shliabh Rua lonnaithe san fhoirgneamh céanna lenár scoil. Tá an scéim Cúram agus Oideachas Luath-Óige (COLÓ) do pháistí atá 2 bhliain 8 mí d’aois agus níos sine. Cé nach bhfuil an Naíonra mar chuid den scoil féin, tá gaol láidir idir an scoil agus an Naíonra, rud a chabhraíonn go mór le páistí atá ag bogadh ar aghaidh go Naíonáin Bheaga. Bíonn an Naíonra ar oscailt ó 8:30r.n.-1:00i.n. (uaireanta COLÓ 8:30-11:30r.n.).
Is féidir breis eolais a fháil ó stiúrthóir an Naíonra, Lucilita Nic Giolla Comhaill ar 086 867 4542 nó naionra_sliabh_rua@yahoo.ie
Má tá breis eolais á lorg agat faoi naíonraí, féach anseo